Tá stiúideo ag Scoil Ealaíona na mBlascaodaí i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, an pointe is sia siar ar oileán na hÉireann. Tá radharc ón stiúideo ar oileán na mBlascaodaí, agus ar gach taobh tá radharcanna áille iontacha eile. Seo deis iontach chun sásamh a bhaint as an áilleacht drámatúil agus as saibhreas an chultúir a mheall ealaíontóirí ar nós John Millington Synge agus Jack B. Yeats, mar aon le scoláirí na Gaeilge, tríesna blianta. Dob as an mBlascaod Mór féin iad na scríbhneoirí cáiliúla Tomás Ó Criomhthainn, Muiris Ó Súilleabháin agus bean mhór an bhéaloidis, Peig Sayers.
Cuireann an Scoil cúrsaí deireadh seachtaine sa phéintéireacht ar fáil i rith an tsamhraidh, do thosnaitheoirí agus d'ealaíontóirí seanchleachtaithe. Tá éagsúlacht ollmhór ann don phéintéir radhairce i scóp drámatúil na farraige, sna cnoic ghlasa, sna bláthanna fiáine, agus na clocháin ársa. Ag na healaíontóirí teibí, tá imirt iontach an tsolais agus sóinseáil na ndathanna i rith an lae, go háirithe le linn don ghrian dul fé.
Líon beag a bhíonn ins gach rang, idir cúigear agus seisear, rud a fhágann fuíollach ama ag an dteasgascóir oibriú le gach scoláire.
An ghné is tábhachtaí des na deirí cúrsaí deireadh seachtaine seo ná an t‑atmaisféar suaimhneach spreagúil.
Tá na Teagascóirí go léir gníomhach mar ealaíontóirí. Is leis an bpéintéireacht go speisialta a bhíonn siad ag obair, agus tá siad cáilithe mar theagascóirí. Is céimithe sna hEalaíona Míne iad na healaíontóirí ildánacha seo; in Éirinn agus i Sasana a dheineadar a gcuid staidéir.