Scoil Ealaíona na mBlascaodaí

Ár gCúrsaí Deireadh Seachtaine

Teacht Tráthnóna Dé hAoine

Tar éis duit an áit a bhaint amach tráthnóna Dé hAoine, nuair a bheidh tú socruithe síos sa B&B in aice láimhe, beidh deis agat bualadh le do theagascóir sa stiúideo timpeall 4 i.n. tráthnóna. Féadfaidh tú plé a dhéanamh ar na pleananna oibre atá agat féin don deireadh seachtaine. Níos déanaí an tráthnóna sin, beidh fáiltiú fíona sa stiúideo, chun deis a thabhairt do na scoláirí bualadh le chéile.


Island

Dé Sathairn

Ag tosnú ar a 9 ar maidin, raghaidh na scoláirí amach ar an suíomh leis an dteagascóir chun an lá a thabhairt ag péinteáil. Mara mbeidh an aimsir oiriúnach chuige, áfach, tá cuan breá sábháilte sa stiúideo féin agat, le solas breá don phéintéireacht. Tá frámaí péintéireachta, nó easels, ar fáil chomh maith. Cuirtear bosca lóin ar fáil ar an Satharn; tabhair flaigín leat do do chuid té nó caifé. Tráthnóna beidh deis ag na scoláirí ithe i dteannta a chéile i mbialann áitiúil.


Dé Domhnaigh

Stream

Tosnaítear ar a 9 ar maidin ag obair lasmuigh ar an suíomh, ag leanúint leis an dteagascóir go dtína 2 tráthnóna. Is féidir turas báid ar na Blascaodaí a shocrú má bhíonn sé sin ag teastáil ó na scoláirí. Sin deis iontach chun cuairt a thabhairt ar an áit dhiamhrach sin; dar ndóigh, braitheann sé ar an aimsir. Is féidir ráta laghdaithe a shocrú.


San Áireamh sa Chúrsa

Tá na nithe seo go léir san áireamh i gcostas an chúrsa. Ba cheart do na scoláirí bloc páipéir sceitseála dá gcuid féin a thabhairt leo, mar aon le canbhás, scuaba, agus a rogha féin meán: péinteanna ola, péinteanna aicrileacha, dúch, dathanna uisce, srl. Beir leat éadaí báistí.